Nuashonruithe Córas agus Paisteáil Córais Oibriúch
Pasfhocail
Slándáil Gléasanna Eile
Slándáil Gléis Shoghluaiste
Slándáil Guthán Cliste
VOIP
VOIP
Is bealach chun cumarsáid a dhéanamh le daoine eile atá ag éirí níos coitianta é an Prótacal Idirlín don Ghuthú (VoIP). In ionad glaonna gutháin a chur thar línte teileachumarsáide traidisiúnta, cuirtear glaonna thar an Idirlíon. Déanann sé ciall gnáthshonraí a chosaint ar an Idirlíon, agus ar an dul céanna, tá sé tábhachtach "sonraí gutha" a chosaint freisin.
Conas a oibríonn sé?
Tá bealaí éagsúla ann le VoIP a úsáid. Úsáideann roinnt eagraíochtaí an teicneolaíocht ar a líonraí sonraí, agus úsáideann siad í in ionad a gcóras gutháin PABX traidisiúnta. Is féidir le daoine aonair síntiús a íoc le seirbhís ar an Idirlíon cosúil le www.skype.com nó www.blueface.ie.
Cén riosca a bhaineann leis?
Braitheann glaonna VoIP ar an mbonneagar céanna a úsáideann an chuid eile den Idirlíon agus mar sin, baineann rioscaí slándála ar líne leo.
• Cúléisteacht ("éisteann" duine neamhúdaraithe le do ghlao i ngan fhios duit)
• Cosc ar Sheirbhís: Féadann víris agus ríomhchláir mhailíseacha córas VoIP a "ionsaí" de réir mar a ionsaítear aon ríomhaire ar an Idirlíon, agus má tharlaíonn sé sin, seans nach mbeidh an córas VoIP ar fáil nuair a bheidh sé ag teastáil uait.
• D'fhéadfadh laghdú ollmhór teacht ar cháilíocht gutha an ghlao gutháin má ionsaíonn víreas nó ríomhchlár mailíseach eile an córas VoIP. Mar sin, bheadh sé an-deacair leanúint ar aghaidh le comhrá.
• D'fhéadfadh Leabhair Seoltaí Phearsanta do theagmhálaithe a bheith goidte, loite nó úsáidte ar bhealaí neamhúdaraithe eile.
Ba chóir d'eagraíochtaí iarraidh ar thástálaithe slándála gairmiúla slándáil a gcóras VoIP a sheiceáil agus ba chóir dóibh a gcórais a thabhairt cothrom le dáta dá réir.
Níor chóir do dhaoine aonair seirbhísí VoIP a úsáid nach gcuireann ar a gcumas a socruithe príobháideachta a rialú. Cuimsíonn roinnt córais VoIP bearta slándála, mar shampla, ní cheadaíonn siad glaonna nach dtagann ó theagmhálaithe údaraithe.
Leideanna Is Tábhachtaí
Coinnigh do bhogearraí VoIP cothrom le dáta agus tabhair aird ar rabhaidh slándála a thagann ó do sholáthraí VoIP.
Cuireann a lán seirbhísí VoIP atá ar fáil go poiblí ar do chumas próifíl úsáideora a bhunú; ná cuir aon sonraí i do phróifíl mura bhfuil tú sásta go mbeidh siad ar fáil go poiblí.
Fair amach d'fhaisnéis Slándála ar láithreán gréasáin do sholáthraí VoIP, féadann a lán faisnéis úsáideach a bheith ann agus cabhróidh sí leat a chinntiú go mbeidh eispéireas slán sábháilte agat i ndáil le VoIP.
Na braith go hiomlán ar do ghuthán VoIP i staid éigeandála (mar shampla glao 999 a chur). Níl AON RÁTHAÍOCHT de sheirbhís ar an Idirlíon; bíodh líne talún nó guthán soghluaiste agat freisin ar eagla na heagla.