Is éard atá i gceist le turscar ríomhphoist ná líon mór teachtaireachtaí ríomhphoist gan iarraidh, ina mbíonn ábhar tráchtála go minic, a sheoladh go neamhairdiúil chuig grúpa faighteoirí. Tugtar seoltóirí turscair ar na daoine a chruthaíonn teachtaireachtaí turscair.
Conas a aithníonn tú é?
Tá roinnt rudaí ann a chabhraíonn leat turscar i do bhosca poist a aithint. Má chomhlíonann teachtaireacht roinnt de na critéir seo a leanas, seans maith gur turscar atá ann:
• Ní bhaineann seoladh an tseoltóra le duine a bhfuil aithne agat air
• Tairgtear líon mór airgid duit, ach caithfidh tú líon beag airgid a sholáthar ar dtús
• Iarrtar ort, faoi sciatháin éagsúla, roinnt de do shonraí pearsanta - uimhreacha cuntas bainc, uimhreacha cárta creidmheasa, uimhir shlándála shóisialta, ainmneacha úsáideora agus pasfhocail etc. a chur ar fail
• Tá an ríomhphost scríofa i dteanga iasachta
• Tá an táirge nó an tseirbhís fógartha ar phraghas atá i bhfad níos ísle ná an praghas a mbeifeá ag súil leis
• Tá roinnt de na focail litrithe go mícheart mar iarracht do scagaire turscair a mheabhlú
• Tá bloic mhóra téacs nó íomhánna san áireamh ann
Conas a oibríonn sé?
Úsáidtear turscar toisc gur féidir ríomhphoist a sheoladh gan ainm. Bíonn seoltóirí turscair i bhfolach taobh thiar den neamhainmníocht seo, agus úsáideann siad í chun an dlí a bhriseadh agus chun do bhosca isteach a líonadh le ríomhphoist tráchtála gan iarraidh. Déanann scagairí iarracht turscar a aithint trí inneachar na teachtaireachta a anailísiú.
• Ná hoscail agus ná tabhair freagra ar thurscar riamh. Má thugann tú freagra, tá sé cinnte go bhfaighidh tú níos mó turscair. Is fearr an turscar a scriosadh agus do bhosca athchúrsála a fholmhú.
• Ná tabhair do sheoladh ríomhphoist ach do na daoine a bhfuil sé ag teastáil uathu.
• Déan bogearraí frith-thurscair a íoslódáil nó a cheannach ó fhoinse chreidiúnach.
• Bain úsáid as na gnéithe scagacháin ríomhphoist ar fáil i Microsoft ® Outlook, Microsoft ® Outlook Express, nó i cibé bogearraí ríomhphoist a mbaineann tú úsáid astu.
Conas is féidir liom Turscar a sheachaint?
Is í an teicneolaíocht is fearr atá ann chun cosc a chur ar thurscar ná bogearraí scagacháin turscair.
Leideanna Is Tábhachtaí
• Tá dhá chatagóir de theicnící ann chun cosc a chur ar thurscar: turscar a scagadh amach agus an méid a nochtar do sheoltaí ríomhphoist a íoslaghdú.
• Ná cliceáil riamh ar an nasc "remove/bain den liosta" a chuireann seoltóirí turscair ar a ríomhphoist, mar féadann sé a dhearbhú go bhfuil do sheoladh ríomhphoist bailí agus mar sin, cuirfear do sheoladh ar an liosta agus díolfar le seoltóirí turscair eile é.
• Úsáideann seoltóirí turscair ríomhchláir speisialta a bhailíonn seoltaí ríomhphoist ó láithreáin ghréasáin agus ó theachtaireachtaí ar fhóraim ghréasáin. Chun nach gcuirfear ar liosta seoltaí seoltóir turscair thú nuair a chuireann tú teachtaireacht ar fhóram gréasáin nó ar ghrúpa nuachta, is féidir leat do sheoladh ríomhphoist a chur i bhfolach trí rud soiléir a chur isteach ann. Mar shampla, más joe@yahoo.com é do sheoladh ríomhphoist, déan é a mhodhnú agus cuir 'joe at yahoo dot com' ann.
• Ná tabhair freagra ar theachtaireachtaí turscair riamh, fiú amháin nuair a iarrann siad ort freagra a thabhairt chun tú a "bhaint" dá liosta seoltaí. Is minic nach bhfuil sna treoracha ach bréaga nó bealach chun níos mó seoltaí a bhailiú. Nuair a thugann tú freagra, dearbhaíonn sé do na seoltóirí turscair go bhfuil do sheoladh ríomhphoist in úsáid, agus d'fhéadfá turscar breise a fháil.
• Bain do sheoladh ríomhphoist de leathanaigh do láithreáin ghréasáin agus cuir foirm ríomhphoist ghréasánbhunaithe ar fáil ina ionad.