Is bealach ar a bhfuil an-mheas chun cumarsáid a dhéanamh ar an Idirlíon ná teachtaireachtaí meandracha (IM) a chur, go háirithe i measc daoine óga. Murab ionann agus ríomhphost, cuirtear teachtaireachtaí meandracha i bhfíoram. De ghnáth, cuireann seirbhís teachtaireachtaí meandracha úsáideoir ar an eolas má tá duine éigin ar liosta comhfhreagróirí an úsáideora ar líne.
Conas a aithníonn tú é?
Chun teachtaireachtaí meadracha a chur, ní mór 'cliant' teachtaireachtaí meandracha a shuiteáil ar do ríomhaire. Tá a lán cliaint éagsúla ar fáil. Is iad roinnt de na ríomhchláir IM a bhfuil an cháil is mó orthu ná Windows Live Messenger, Yahoo Messenger, GoogleTalk agus Skype.
Conas a oibríonn sé?
Tá cliaint agus freastalaithe i líonraí teachtaireachtaí meandracha. Suiteálann úsáideoir cliant, cosúil le Yahoo Messenger, Windows Live Messenger, GoogleTalk nó Skype, a nascann le freastalaí a fheidhmíonn díoltóir an líonra teachtaireachtaí meandracha. (Ní mór a thabhairt faoi deara, toisc go mbaineann siad úsáid as prótacail éagsúla níl na seirbhísí teachtaireachtaí meandracha éagsúla comhoiriúnach i gcónaí). Tugtar aitheantóir uathúil do gach úsáideoir a chláraíonn le seirbhís teachtaireachtaí meandracha, agus de ghnáth is ainm nó 'hanla' é. Ansin, tugann an t-úsáideoir an t-aitheantóir uathúil do na daoine ar mhian leis nó léi cumarsáid a dhéanamh leo trí mheán an líonra teachtaireachtaí meandracha.