Nuashonruithe Córas agus Paisteáil Córais Oibriúch
Pasfhocail
Slándáil Gléasanna Eile
Slándáil Gléis Shoghluaiste
Slándáil Guthán Cliste
VOIP
Slándáil Gléis Shoghluaiste
Tugann gléis shoghluaiste rochtain shoghluaiste d’úsáideoirí ar ríomhphoist, an t-idirlíon, loingseoireacht chóras suite domhanda (GPS), agus ar go leor leor feidhmchláir eile. Níor éirigh le slándáil shoghluaiste an oiread céanna dul chun cinn a dhéanamh, áfach, le slándáil thraidisiúnta ríomhairí. Níl bearta teicniúla slándála, ar nós ballaí dóiteáin, frithvíris, agus criptiú chomh coitianta céanna ar thromlach na n-ardán soghluaiste, agus ní dhéantar Córais Oibrithe gléasanna soghluaiste a nuashonrú chomh minic agus a dhéantar iad siúd ar ríomhairí pearsanta.
Cén baol a chruthaíonn sé?
• Cailleadh nó goid gléis. Is féidir le cailleadh táirgiúlachta bheith mar thoradh ar ghléas a chailleadh de bharr taisme, cailleadh sonraí, agus dliteanas féideartha faoi na dlíthe um chosaint sonraí.
• Cailleadh sonraí íogair. D’fhéadfadh faisnéis íogair nó rúnda bheith ar go leor gléasanna shoghluaiste, mar shampla, grianghraif agus fístéipeanna pearsanta, teachtaireachtaí ríomhphoist, teachtaireachtaí téacs agus comhaid.
• Treá neamhúdaraithe líonra. De bharr go gcuireann go leor gléasanna soghluaiste réimse de roghanna nascachta ar fáil, d’fhéadfaidís iad a úsáid chun córais chorparáideacha atá faoi chosaint a ionsaí.
• Sonraí idircheaptha nó truaillithe. Agus an oiread sin idirbheartaíochtaí gnó ar bun thar ghléasanna soghluaiste, is ann i gcónaí don bhuairt go bhféadfaí sonraí ríthábhachtacha a idircheapadh trí línte tapáilte gutháin nó trí tharchur idircheaptha micreathoinne.
• Bogearraí mailíseacha. Is bagairtí ar a bhfuil cur amach iad Víris, Traígh agus WORManna ar ríomhairí traidisiúnta. Cé nach bhfuil gléasanna soghluaiste ina sprioc mhór go fóill, is ann do thuairim ar a bhfuil borradh ag teacht i measc saineolaithe slándála go ndéanfar sprioc de ghléasanna soghluaiste.
Noda Áisiúla
• Nuair a bhíonn gléas soghluaiste á roghnú agat, déan machnamh ar a ghnéithe slándála agus cinntigh go bhfuil siad cumasaithe.
• Suiteáil agus coimeád feidhmchlár Frithvíris ar do ghléas cliste.
• Ná lean naisc a seoladh i ríomhphost amhrasach nó i dteachtaireachtaí téacs.
• Déan machnamh cúramach ar cén fhaisnéis is mian leat a stóráil ar an ngléas.
• Bí airdeallach nuair a bhíonn feidhmchláir á roghnú agus á suiteáil agat.
• Coimeád smacht fisiciúil ar an ngléas, go háirithe in áit phoiblí nó leathphoiblí.
• Díchumasaigh comhéadain nach bhfuil á n-úsáid, ar nós Bluetooth, infridhearg, nó Wi-Fi.
• Seachain bheith rannpháirteach i líonraí Wi-Fi anaithnid agus leas a bhaint as baill the Wi-Fi gan slándáil.
• Scrios an uile fhaisnéis a stóráiltear i ngléas sula bhfaigheann tú réidh leis.
• Ná déan iarracht rochtain a fháil ar chomhaid chórais an ghléis agus ná bain na teorainneacha réamhshocraithe atá ar an ngléas.