Nuashonruithe Córas agus Paisteáil Córais Oibriúch
Pasfhocail
Slándáil Gléasanna Eile
Slándáil Gléis Shoghluaiste
Slándáil Guthán Cliste
VOIP
Slándáil Gléasanna Eile
Cé go bhfuil an chuid is mó de dhaoine ar an eolas faoin mbaol féideartha lena mbaineann Ríomhairí Pearsanta a úsáid agus siopadóireacht a dhéanamh ar líne, d’fhéadfadh go leor daoine gan bheith ar an eolas faoin mbaol a chruthaíonn gléasanna a nascann leis an idirlíon, ar nós consóil chluichí.
Faoi láthair, tairiscíonn na consóil ghréasán-chumasaithe is mó éileamh ar an margadh an fhéidearthacht chun comhaid, ar nós grianghraf, a sheoladh chuig úsáideoirí eile trí ríomhphost. Anuas air sin, is ann do réimse fairsing de chluichí ar a bhfuil fáil ag gach consól a ligeann d’úsáideoirí idirghníomhú lena chéile thar an idirlíon, a ligeann d’úsáideoirí comhrá a bheith acu i dtéacs scríofa agus fiú i bhfístéip.
Cén baol a chruthaíonn sé?
Ar an gcéad dul síos, is gnách go mbíonn brabhsálaithe idirlíon atá go hiomlán feidhmiúil ina ngné de na Consóil Chluichí seo agus ciallaíonn seo gur féidir bagairtí brabhsálaí-bhunaithe a sheoladh ó chonsól amháin chuig consóil (nó imreoirí) eile trí líonraí cluichíochta ar líne thar an idirlíon.
Ar an dara dul síos, is féidir le Cibearbhulaíocht titim amach go minic sa chluichíocht. D'fhéadfadh bulaí caimiléireacht a dhéanamh, friotal neamhoiriúnach a úsáid, tosaitheoirí a chiapadh, agus bheith ina chúis le crá do chomhchluichirí ar bhealach eile.
Níl i gceist leis an gconsól ach gléas eile cliste atá nasctha leis an idirlíon. Ar an ábhar sin, ba cheart na réamhchúraimí céanna a ghlacadh leis na gléasanna seo a ghlacfá le ríomhaire glúine nó le guthán cliste.
Noda Áisiúla
• Coimeád gléasanna idirlíon-chumasaithe, ar nós consól in áit oscailte sa teach I GCÓNAÍ le plé oscailte a spreagadh faoina n-úsáid.
• Ná socraigh RIAMH chun casadh le comhchluichirí tú féin mura bhfuil tú cinnte faoina n-aitheantas.
• Ná seol ar aghaidh do shonraí cárta creidmheasa chuig gléas RIAMH mura bhfuil tú cinnte faoina shlándáil.
• Coimeád paistí bogearraí slándála cothrom le dáta I GCÓNAÍ.