English
Gaeilge
Mandarin
Polish




Cumarsáid Shlán
Gléasanna Slána
Gníomhaíochtaí Slána Ar Líne
Bagairtí
Ábhar Gníomhach agus Fianáin
Baincéireacht Ar Líne
Coincheap an Loirg Dhigitigh
Comhaid a Scriosadh
Gnéithe Bunúsacha de Shlándáil Brabhsáil Gréasáin
Íocaíochtaí Slána ar Líne
Líonrú Sóisialta
Meicníochtaí Scagacháin
Néalríomhaireacht
Príobháideacht Phearsanta
Sábháilteacht Leanaí ar Líne
Seomraí Comhrá
Seomraí Comhrá

Spásanna ar líne iad seomraí comhrá inar féidir le húsáideoirí cumarsáid a dhéanamh lena chéile trí theachtaireachtaí téacs-bhunaithe. Is geall le cóisir nó seimineár fíorúil iad, áit inar féidir le daoine spóirt a phlé, iarraidh ar chomhairle, nó caint faoi shainchaitheamh aimsire agus faoi nithe is díol spéise dóibh. Sa mhullach air sin, is féidir leas a bhaint as seomraí comhrá le pictiúir, fístéipeanna agus meáin eile a roinnt.

Conas mar a oibríonn sé?

Is féidir leat an Gréasán a chuardach le haghaidh seomraí comhrá a oireann do na nithe is díol spéise duit nó do do riachtanais. Ina measc tá seomraí comhrá spóirt, seomraí comhrá um dheisiú gluaisteán, seomraí comhrá um thacaíocht teicneolaíocht TF agus seomraí comhrá um thacaíocht mhothálach. Chun páirt a ghlacadh i seomra comhrá, beidh ort leasainm nó ‘lorgán’ a roghnú.

Tá seomraí comhrá tar éis éirí mór i measc na ndaoine de bharr go dtugann siad d’úsáideoirí an deis lena dtuairimí a nochtadh agus chun díospóireacht nó comhrá a bheith acu le daoine eile atá ar an intinn chéanna leo.

Cén baol a chruthaíonn sé?

Bíonn seomraí comhrá anaithnid. Ar an gcúis seo, is fusa do dhuine ligean orthu gur duine eile iad d’fhonn muinín úsáideora eile a bhaint amach, nó chun cleas a imirt orthu casadh le chéile faoi dhúmas bréige. Tugtar “cibearmhealltóireacht” ar an gcleachtas seo, sa chás go gcuirfidh úsáideoir le leibhéal iontaobhais idir iad féin agus úsáideoir nach bhfuil in amhras orthu.

Ligeann seomraí comhrá d’aon úsáideoir “cogarnaíl” le haon duine, is é sin, chun comhrá príobháideach a bheith acu le duine éigin i bhfuinneog ar leith, agus is gnách nach ndéantar monatóireacht ar na cineálacha seo de chomhrá.

Ós rud é go bhfuil sé nach mór dodhéanta aitheantas an té a labhraíonn tú leis/léi a chruthú i seomraí comhrá, cruthaíonn sé baol soiléir d’úsáideoirí níos óige an idirlín. Seo an fáth go mbaineann ríthábhacht leis go mbíonn baint ag tuismitheoirí nuair a úsáideann úsáideoirí seomraí comhrá.




• Bíodh tuiscint agat ar an mbaol agus pleanáil roimh ré sula ligeann tú do leanaí rochtain a fháil ar sheomra comhrá.
• Cinntigh go bhfuil an ríomhaire a úsáideann siad in áit oscailte ionas gur féidir leat a úsáid a fheiceáil.
• Labhair go rialta le do leanaí faoin úsáid a bhaineann siad as seomraí comhrá ar an idirlíon.


Conas is féidir liom an tarlú seo a sheachaint?

• Más gá duitse agus do do leanaí seomraí comhrá a úsáid, is é feasacht ar an mbaol an chosaint is fearr. Iarr ar cén seomraí comhrá atá á n-úsáid acu; iarr orthu cé leis a labhraíonn siad agus faoina labhraíonn siad.
• Cinntigh go dtuigeann do leanaí go bhféadfadh comhaontú chun casadh le duine a labhraíonn siad leo ar líne bheith thar a bheith baolach agus ba cheart é seo a sheachaint.



Noda Áisiúla

• Bí amhrasach ar aon úsáideoirí i seomraí comhrá. Ní féidir a n-aitheantas a chinntiú.
• Cinntigh go mbíonn baint agat le húsáid idirlín do linbh trí chaint leo agus trí mhonatóireacht a dhéanamh ar an ríomhaire sa bhaile.
• Ná comhaontaigh chun casadh le daoine nó chun faisnéis phearsanta a chur ar aghaidh chuig daoine a gcasann tú leo i seomraí comhrá.


logos