English
Gaeilge
Mandarin
Polish




Cumarsáid Shlán
Gléasanna Slána
Gníomhaíochtaí Slána Ar Líne
Bagairtí
Criptiú
Líonraí Gan Sreang
PBX
Saincheisteanna Dlí
Seirbhísí Ríomhphost Saor in Aisce
Teachtaireachtaí Meandracha
Turscar
Seirbhísí Ríomhphost Saor in Aisce

Cuireann seirbhísí ríomhphost gréasán-bhunaithe saor in aisce cuntais ríomhphost pearsanta ar fáil ar féidir rochtain a fháil orthu ó nach mór gach ríomhaire nó gléas ag a bhfuil rochtain ar an Idirlíon agus ó gach áit ar domhan.

Conas a aithnítear é?

Cuireann go leor soláthróirí cuntais ríomhphost shaor in aisce ar fáil (e.g. Yahoo!, Hotmail agus Gmail etc.). Is gnách go gcuireann na seirbhísí ríomhphost seo ar do chumas rochtain a fháil ar do ríomhphost gan ach brabhsálaí gréasáin a úsáid.

Conas mar a oibríonn sé?

Is gnách go dtuilleann soláthróirí seirbhísí ríomhphost gréasán-bhunaithe airgead ó fhógróirí a íocann iad chun sealbhóirí cuntas ríomhphost a nochtadh dá bhfógraí.

Cén baol a chruthaíonn sé?

Baineann an baol lena mbaineann seirbhísí ríomhphost saor in aisce leis na saincheisteanna a leanas:

• Slándáil - Ma sheoltar do phasfhocail nó do theachtaireachtaí i ngnáth-théacs (gnáthnasc HTTP), is fusa iad a idircheapadh. Má thairiscíonn soláthróir seirbhísí criptiú SSL (HTTPS), ba cheart duit é a úsáid.
• Príobháideachas - Níl tú ag íoc as do chuntas ríomhphost, ach ní mór don soláthróir seirbhíse bealach a aimsiú chun na costais lena mbaineann an tseirbhís a chur ar fáil a aisghabháil. Bealach amháin chun ioncam a ghiniúint is ea spás fógraíochta a dhíol, ach bealach eile is ea faisnéis a thrádáil nó a dhíol. Cinntigh go léann tú beartas príobháideachas an tsoláthróra seirbhíse féachaint an bhféadfaí do shonraí pearsanta a thabhairt do thríú páirtí ar mhaithe le brabús airgid.

Conas is féidir liom an tarlú seo a sheachaint?

• Má úsáideann tú na seirbhísí sin, cinntigh go dtuigeann tú conas a d’fhéadfadh an soláthróir seirbhíse do shonraí a aisghabháil agus a úsáid.
• Ná húsáid ach soláthróirí seirbhíse ríomhphost ar a bhfuil dea-chlú.
• Léigh na téarmaí agus na coinníollacha lena mbaineann na seirbhísí saor in aisce lena chinntiú nach gcuirfear ar aghaidh do shonraí chuig tríú páirtithe.

Noda Áisiúla

• Léigh na Téarmaí agus Coinníollacha sula mbaineann tú leas an tseirbhís.
• Cinntigh go bhfuil nasc slán https:// ann nuair atá tú ag logáil isteach chuig an tseirbhís.

logos