English
Gaeilge
Mandarin
Polish




Cumarsáid Shlán
Gléasanna Slána
Gníomhaíochtaí Slána Ar Líne
Bagairtí
Criptiú
Líonraí Gan Sreang
PBX
Saincheisteanna Dlí
Seirbhísí Ríomhphost Saor in Aisce
Teachtaireachtaí Meandracha
Turscar
Saincheisteanna Dlí

Is ceart maoine é cóipcheart, a thugann cearta eisiacha d'úinéir an chóipchirt cóipeanna a tháirgeadh de shaothar liteartha, ceoil, drámatúil nó ealaíne bunaidh, an saothar sin a rialú nó an saothar sin a chur i ngníomh. In Éirinn, tá cóipcheart sainithe go dlíthiúil san Acht Cóipchirt agus achtanna gaolmhara, 2000. Sainíonn an tAcht bogearraí mar 'shaothar liteartha' agus mar sin tá siad cosanta ag an Acht.


Má úsáidtear saothar liteartha, drámatúil, ceoil nó ealaíne ar aon bhealach gan chead úinéir an chóipchirt, seans maith gur sárú ar chóipcheart an úinéara é, de réir mar a shainítear san Acht Cóipchirt agus Cearta Gaolmhara 2000 é. Mar shampla, má dhéantar ríomhchlár bogearraí a chóipeáil gan údarú ó úinéir an chóipchirt, is sárú é sin.

Faoin Acht Cóipchirt agus Cearta Gaolmhara 2000 tá sé neamhdhleathach cóip neamhúdaraithe a dhéanamh de shaothar duine eile. Tá cóipcheart ag duine sa saothar sin más táirge a ghníomhaíochta intleachtúla é agus mar sin is a mhaoin intleachtúil é.
Ná bain úsáid as saothar duine eile ach amháin,

• Má tá cead i scríbhinn agat ón duine sin.

• Má tá tú cinnte nach bhfuil an t-ábhar cosanta ag cóipcheart.

Bogearraí & Cóipcheart

Maidir le bogearraí, is é úinéir an chóipchirt forbróir/foilsitheoir na mbogearraí. D'fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith i gceist le briseadh an dlí.

• Ní ghlacann ceadúnaí bogearraí le húinéireacht an chóipchirt sna bogearraí riamh; ní dhéanann sé ach ceadúnas a cheannach chun na bogearraí cosanta a úsáid faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha socraithe ag úinéir an chóipchirt agus ag an dlí.

• Tá cóipcheart ar marthain i saothar ón nóiméad a thaifeadtar é.

• I measc na bpionós a d'fhéadfadh a bheith i gceist do shárú sibhialta cóipchirt, d'fhéadfadh sé bheith riachtanach cúiteamh a íoc le húinéir an chóipchirt as an damáiste cúisithe dá ghnó.

• D'fhéadfadh fíneálacha agus suas le deich mbliana sa phríosún a bheith i gceist le pionóis choiriúla. Tá sé mídhleathach bogearraí a thabhairt ar cíos gan chead sainráite ó úinéir an chóipchirt.

• Níl aon duine díolmhaithe ó dhlí cóipchirt. Tá na daoine aonair, eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí rialtais uile faoi réir an dlí.

• Ní bhaineann foilsiú ar an nGréasán nó foilsiú eile Idirlíon-bhunaithe saothar de réimse an dlí cóipchirt: caithfidh tú cead úinéir an chóipchirt a fháil chun a shaothar a fhoilsiú, is cuma faoin meán foilsiúcháin.


Leideanna Is Tábhachtaí: Ná Ceannaigh Bogearraí Neamhdhleathacha

• Déan cinnte go gcoinníonn tú do cheadúnais i bhformáid leictreonach nó páipéir - is cáipéisí luachmhara iad.

• Ceannaigh ó dhíoltóirí creidiúnacha.

• Faigh luachan scríofa a liostaíonn sonraíochtaí agus leaganacha na gcrua-earraí/na mbogearraí.

• Iarr ar shonrasc miondealaithe a thugann sonraí de na crua-earraí agus na bogearraí uile a soláthraíodh.

• Ná tabhair cead do dhíoltóirí cuairt a thabhairt ar do bhaile agus bogearraí a shuiteáil díreach ar do ríomhaire gan cheadúnais a sholáthar.

• Ná déan dearmad, beidh gá le fiú Rannearraí a cheannach nó a scriosadh i ndiaidh na tréimhse meastóireachta.


Ceol, Scannán & Cóipcheart

Tarlaíonn sárú ar chóipcheart i saothair chlosamhairc, ar a dtugtar píoráideacht go minic, nuair a dhéantar cóipeanna neamhúdaraithe de cheol, scannáin agus saothair chomhchosúla. Tugtar 'warez' orthu sin freisin. Is éard atá i gceist le píoráideacht ar líne ná leathadh nó díol ábhar cóipchirt neamhúdaraithe den leithéid sin ar an Idirlíon.

Is féidir é sin a dhéanamh trí earraí fisiciúla (e.g. DVDanna) a dhíol ar láithreáin ghréasáin agus i seomraí ceantála, nó trí ábhar a sháraíonn cóipcheart a chomhroinnt trí mheán modheolaíochtaí sofaisticiúla ar líne cosúil le FTP, IRC, Bit Torrent, P2P agus líonraí comhroinnte comhad. Tá go leor asraonta ag DVDanna neamhdhleathacha, lena n-áirítear margaí dleathacha, faoin gcuntar i dtithe tábhairne agus i gclubanna agus fiú díolacháin doras go doras. Níos mó agus níos mó, díoltar iad sa láthair oibre agus i gciorcail shóisialta, agus tá siad á n-iomadú ar líne.


Comhroinnt Comhad, Comhroinnt idir Comhghleacaithe & Cóipcheart

Is éard atá i gceist le comhroinnt comhad ná comhaid a chomhroinnt nó a mhalartú idir daoine a bhíonn ag úsáid ríomhairí nasctha leis an Idirlíon. Baineann an téarma leis an gcomhad a chur ar fáil (a uaslódáil), mar shampla ar sheirbhís comhroinnte comhad cosúil le Limewire, agus an comhad sin a íoslódáil ón Idirlíon go ríomhaire.

Níl comhroinnt comhad neamhdhleathach más do chomhaid féin atá á gcomhroinnt agat. Is féidir leat grianghraif ó do laethanta saoire deiridh a roinnt le do chairde agus le do theaghlach, ach san Eoraip agus i bhformhór na dtíortha eile ar domhan, tá sé neamhdhleathach ceol agus scannáin a uaslódáil agus a íoslódáil gan chead a fháil roimh ré ó shealbhóir na gceart.

Is teicneolaíocht é líonra idir comhghleacaithe a chuireann ar chumas na ndaoine nasctha leis an líonra comhaid a mhalartú. Níl ann ach ceann de na bealaí éagsúla ar ar féidir comhaid a chomhroinnt ar an Idirlíon. Mar thoradh ar an neamhainmníocht curtha ar fáil ag na líonraí idir comhghleacaithe sin áfach, is minic a bhíonn baint acu le comhroinnt comhad, go háirithe comhroinnt neamhdhleathach comhaid cheoil agus scannáin.

logos