English
Gaeilge
Mandarin
Polish




Cumarsáid Shlán
Gléasanna Slána
Gníomhaíochtaí Slána Ar Líne
Bagairtí
Bogearraí Sceimhle agus Éirice
Bogearraí Spiaireachta
Ceangaltán Mailíseach Ríomhphoist
Cibearbhulaíocht
Comhadroinnt
Feirmeoireacht
Fréamhthrealaimh agus Róbatlíonta
Fuadach Móideim
Goid Céannachta
Iascaireacht
Maingaireacht Fóin
Rioscaí Eile - Víris, Péisteanna & Traígh
Traígh & Bogearraí Mailíseacha
Vishing
Rioscaí Eile - Víris, Péisteanna & Traígh

Víris- is ríomhchlár é víreas ríomhaire a bhíonn i bhfolach, de ghnáth, i ríomhchlár eile le cuma neamhdhochrach air, a tháirgeann cóipeanna de féin agus a chuireann isteach i ríomhchláir nó comhaid eile iad, agus a dhéanann gníomh mailíseach de ghnáth (mar shampla, sonraí a lot).

Péisteanna - tá siad an-chosúil le víris toisc gur ríomhchláir iad a chruthaíonn cóipeanna feidhmeacha díobh féin (de ghnáth i gcórais ríomhaire eile trí mheán nasc líonra) agus a chuimsíonn feidhmiúlacht éigin a chuirfidh isteach ar ghnáthúsáid ríomhaire nó ríomhchláir. Murab ionann agus víris, áfach, bíonn péisteanna ann mar aonáin ar leithligh; ní nascann siad iad féin le comhaid nó ríomhchláir eile. Toisc go bhfuil siad cosúil le víris, is minic a thugtar víris ar phéisteanna freisin.

Traíoch - Tháinig an t-ainm ón gcapall adhmaid a d'úsáid na Gréagaigh chun an Traí a ionsaí agus is píosa bogearraí é Traíoch a bhfuil an chuma air go ndéanann sé gníomh dlisteanach, ach i ndáiríre, déanann sé gníomh neamhdhlisteanach, cosúil le víreas ríomhaire. Tá an-cháil ar Thraígh anois toisc go n-úsáidtear iad chun ríomhchláir chúldorais a shuiteáil, a chuireann ar chumas duine neamhúdaraithe rochtain neamhtheoranta a fháil ar do ríomhaire.


Conas a aithníonn tú iad?

Is minic a chúisíonn víris iompar corrach. D'fhéadfadh straoiseoga teacht aníos ar an scáileán, d'fhéadfadh an scáileán éirí glan, d'fhéadfadh an ríomhaire tuairteáil nó d'fhéadfadh sé athbhútáil arís is arís eile. Sa tréimhse idir an am a shuiteálann an víreas é féin ar do ríomhaire go dtí an t-am a thuigeann tú go bhfuil sé ann, d'fhéadfadh sé a bheith scaipthe agat ar dhaoine eile i ngan fhios duit féin. Comhartha amháin go bhfuil víreas agat na nuair a chuireann cairde glao ort nó seolann siad ríomhphost chugat chun a rá go bhfuair siad ríomhphost uait ina raibh víreas.


Conas a oibríonn siad?

Víris - Is píosa beag bogearraí é víreas a bhíonn iompartha ar fhíor-ríomhchláir. Mar shampla, d'fhéadfadh víreas é féin a ghreamú le ríomhchlár cosúil le ríomhchlár scarbhileoige. Gach uair a ritheann an ríomhchlár scarbhileoige, ritheann an víreas freisin agus is féidir leis é féin a atáirgeadh (trí é féin a ghreamú le ríomhchláir eile) nó dochar a dhéanamh.

Víris ríomhphoist - Taistealaíonn víreas ríomhphoist mar iatán le teachtaireachtaí ríomhphoist, agus de ghnáth, déanann sé é féin a atáirgeadh trí ríomhphoist uathoibríocha a sheoladh chuig na daoine i leabhar seoltaí ríomhphoist an íospartaigh.

Traígh - Tugann Traíoch le fios go ndéanann sé rud amháin (seans go dtabharfaidh sé le fios gur cluiche é) ach déanann sé damáiste nuair a ritheann tú é (d'fhéadfadh sé do thiomántán crua a léirscriosadh).

Péisteanna - Is píosa beag bogearraí é péist a úsáideann líonraí ríomhaire agus poill slándála chun cóipeanna a dhéanamh de féin. Déanann cóip den phéist an líonra a scanadh le haghaidh meaisín eile le poll slándála sonrach.

Déanann sé é féin a chóipeáil chuig an meaisín nua trí mheán an phoill slándála agus ansin déanann sé é féin a atáirgeadh ón láthair sin freisin.





Déan do chóras a scanadh le haghaidh víreas le ríomhchlár frithvíreas.

Coinnigh do bhogearraí frithvíreas cothrom le dáta trí na sainmhínithe is déanaí a íoslódáil ó láithreán gréasáin an déantóra.

Déan cinnte gur cuireadh na paistí slándála riachtanacha uile i bhfeidhm ar do bhrabhsálaí Idirlín agus ar do chóras oibriúcháin.


Leideanna Is Tábhachtaí
• Déan nuashonruithe le haghaidh do bhogearraí frithvíreas a shuiteáil go rialta.

• Ná hoscail iatáin ríomhphoist gan a chinntiú go ndéantar iad a scanadh le haghaidh víreas.

• Má thugann do bhogearraí frithvíreas le fios go bhfuil comhad amhrasach ann, déan an gníomh molta sula múchann tú an ríomhaire.

• Déan cinnte go bhfuil cóipeanna cúltaca agat de do chomhaid thábhachtacha.

• Ná híoslódáil comhaid ach ó láithreáin ghréasáin dhlisteanacha.

• Déan na CD, DVD, dioscaí boga agus Tiomántáin USB uile a scanadh le haghaidh víreas.

logos