Líonra príobháideach gutháin a úsáidtear laistigh d’fhiontar a aistríonn glaonna idir úsáideoirí fiontair ar línte áitiúla agus a cheadaíonn d’úsáideoirí líon beag de línte seachtracha a úsáid i gcomhthráth é Malartán Brainseach Príobháideach (PBX). Bíonn an PBX faoi úinéireacht agus oibriú an fhiontair seachas cuideachta ghuthán. Cuireann na córais sin réimse fairsing de ghnéithe ar fáil do ghnólacht, lena n-áirítear:
• Ligeann d’fhostaithe a oibríonn lasmuigh den oifig glaonna a dhéanamh trí PBX a gcuideachta (ar a dtugtar go sonrach Dír-Rochtain Isteach ar Chóras)
• Glórphost
• Cianbhainistiú an líonra gutháin
• Ligeann do rodú glaonna ag guth nó ag cnaipí ar an nguthán (ar a dtugtar go sonrach Freagairt Gutha), e.g. Brúigh 1 le haghaidh Díolachán, Brúigh 2 le haghaidh Íocaíochtaí, etc.
• Glaonna a chur ar aghaidh chuig uimhir eile a cuireadh ar fholíne áirithe (ar a dtugtar go sonrach Cur Ar Aghaidh Glaonna)
Conas mar a oibríonn sé?
De ghnáth, diailfidh bradaí isteach sa PBX agus, mura raibh sé faoi shlándáil leordhóthanach, cuirfidh sé/sí glaonna cianfhaid ar chostas úinéir an PBX. Seo cásanna ina ndíolann an bradaí úsáid an chórais bhradaithe ghutháin le tríú páirtithe eile ar bhrabús dá éis sin.
Is ann do go leor cur chuige is féidir le bradaí glacadh chun rochtain a bhaint amach ar chóras PBX mura bhfuil sé faoin tslándáil leordhóthanach.
Innealtóireacht shóisialta – D'fhéadfadh bradaithe nascadh le huimhir laistigh de chuideachta agus cúis a chruthú go n-aistreofaí ar ais chuig an oibreoir iad. Ar déanamh sin, feiceann an t-oibreoir an glao amhail glao inmheánach agus d’fhéadfaí cur ina luí orthu cabhrú leis an mbradaí uimhir seachtrach nó idirnáisiúnta a dhiailiú.
Glórphost – D’fhéadfadh go mbeadh bradaithe in ann rochtain gan srian a fháil ar an gcóras guthán tríd an gcóras glórphoist. Cuireann sé seo ar a gcumas glaonna neamhúdaraithe ardchostais a chur, teachtaireachtaí fáilte a ataifeadadh agus úsáideoirí dlisteanacha a ghlasáil.
Rochtain trí phoirt chothabhála córais – Cuireann poirt chothabhála ar PBX nó ar ardán glórphoist ar chumas innealtóirí an trealamh a chumrú. Más féidir le bradaí PBX rochtain a fháil ar an bport seo, d’fhéadfaidís an córas a athchumrú agus glaonna cianfhaid neamhúdaraithe a cheadú.
Atreorú glaonna, Glaochomhdháiliú, Cúléisteacht – Más féidir le bradaí PBX rochtain a fháil ar phort cothabhála nó riaracháin ar chóras PBX, is féidir leo an méid a leanas a dhéanamh:
• Cúléisteacht leis an uile chomhrá atá ar bun thar an líonra.
• Glaonna a atreorú chuig láthair eile (e.g. abhaile, chuig guthán póca nó thar lear) nuair atá úinéir na folíne as láthair.
• Glaonna comhdhála a shocrú lasmuigh den áit.
Rochtain trí Dhír-Rochtain Isteach ar Sheirbhís – Seo gné a ligeann d’fhostaithe a oibríonn amach ón oifig glaonna a chur trí chóras guthán a gcuideachta. Is féidir le bradaithe PBX an ghné seo a úsáid chun glaonna neamhúdaraithe ardchostais a chur ar uimhir dheiridh dá rogha mura bhfuil seo arna chumrú ar bhealach slán.
Cén baol a chruthaíonn sé?
Baol airgeadais an príomhbhaol atá i leith eagraíochtaí; gheobhaidh úinéir an chórais ghuthán bille don uile ghlao a rinneadh trí leas a bhaint as a línte guthán. Is féidir leis na mílte Euro eascairt as seo má ghabhann úsáid neamhúdaraithe gan bhrath ar feadh fiú cúpla lá.
Má sholáthar díoltóir ar a bhfuil dea-chlú do PBX, ba cheart go mbeadh sé arna shocrú i gcumraíocht shlán. Ba cheart d’úinéir an PBX deimhniú a fháil ón soláthróir, áfach, gur cumraíodh an córas a soláthraíodh ar bhealach slán sular cuireadh an córas chun úsáide.
Noda Áisiúla
• Téigh i dteagmháil le soláthróir do PBX (más éagsúil é ó do sholáthróir teileachumarsáide) agus cinntigh go bhfuil do PBX arna chumrú ar bhealach slán agus go bhfuil na nuashonruithe is déanaí arna suiteáil le rochtain neamhúdaraithe a chosc.
• Cinntigh go bhfuil ag port cothabhála do PBX tréanphasfhocal agus nach n-úsáideann sé an pasfhocal réamhshocraithe.
• Cinntigh go bhfuil ag do ghlórphost tréanphasfhocal agus nach n-úsáideann sé an pasfhocal réamhshocraithe.
• Cuir srian ar do sheirbhís ghlórphoist ó ligean don fheidhmiúlacht um chur ar aghaidh glaonna bheith cumasaithe mura n-úsáideann do chuideachta an ghné seo.
• Má tá tú in amhras gur baineadh mí-úsáid as d’uimhir, téigh chuig stáisiún áitiúil an Gharda Síochána agus déan teagmháil le ComReg.
• Déan monatóireacht rialta ar chomhaid loga chóras an PBX le glaonna chuig préimhuimhreacha nó gníomhaíocht neamhghnách a shainaithint ar an gcóras.
• Ba cheart go mbeadh comhaid loga stóráilte go slán ionas gur féidir iad a úsáid le haon chalaois fhéideartha a fhiosrú ar chóras an PBX.