Nuashonruithe Córas agus Paisteáil Córais Oibriúch
Pasfhocail
Slándáil Gléasanna Eile
Slándáil Gléis Shoghluaiste
Slándáil Guthán Cliste
VOIP
Nuashonruithe Córas agus Paisteáil Córais Oibriúch
Is éard atá i gceist le nuashonrú nó paiste ná píosa beag bogearraí deartha chun fadhbanna le ríomhchlár ríomhaire nó lena sonraí tacaíochta a nuashonrú nó a réiteach. Áirítear air sin fabhtanna a réiteach, leaganacha nua ríomhchlár a chur in ionad seanleaganacha agus go ginearálta, feabhas a chur ar shlándáil, inúsáideacht nó feidhmíocht do ríomhaire.
De ghnáth, tarlaíonn nuashonruithe go huathoibríoch. Is féidir le formhór na ríomhchlár, lena n-áirítear Córais Oibriúcháin cosúil le Microsoft Windows agus Linux, iad féin a nuashonrú trí mheán an Idirlín gan mórán ionchuir ón úsáideoir.
Is iad paistí slándála an modh príomhúil le feabhas a chur ar shlándáil bogearraí. Faoi láthair, eisíonn Microsoft a phaistí slándála uair sa mhí agus tá foirne slándála ag córais oibriúcháin agus tionscadail bhogearraí eile atá tiomanta do phaistí a eisiúint ar bhonn rialta.
Tá sé ríthábhachtach duit a chinntiú go bhfuil do ríomhaire cumraithe ar bhealach a ghlacann leis na nuashonruithe agus paistí seo agus a shuiteálann iad go huathoibríoch.
Conas a oibríonn siad?
Is ríomhchlár é paiste nó nuashonrú a athraíonn bogearraí suiteáilte ar ríomhaire. Eisíonn cuideachtaí bogearraí paistí chun fabhtanna ina gcuid ríomhchlár a réiteach, chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna slándála, chun cur leis an bhfeidhmiúlacht nó chun feabhas a chur ar fheidhmíocht.
Eisíonn Microsoft paistí slándála dá Chóras Oibriúcháin Windows go tréimhsiúil, agus eisíonn na díoltóirí eile sa mhargadh paistí dá gcórais féin.
Tá sé ríthábhachtach duit a chinntiú go bhfuil do ríomhaire cumraithe ar bhealach a ghlacann leis na nuashonruithe agus paistí seo agus a shuiteálann iad go huathoibríoch. I Windows is féidir leat Automatic Updates a chasadh air trí do shocruithe i Control Panel a úsáid. Ansin, déanfaidh Windows nuashonruithe le tosaíocht ard a fháil agus a shuiteáil go huathoibríoch d'aon táirgí Microsoft ® atá suiteáilte agat.
Maidir le feidhmchláir eile, cosúil le seinnteoirí meán, cluichí agus ríomhchláir bhogearraí eile, ní mór duit a chinntiú go bhfuil na leaganacha is déanaí á rith agat, agus más féidir, ní mór duit na ríomhchláir a chumrú ar bhealach a íoslódálann agus a shuiteálann na nuashonruithe is déanaí ó láithreáin ghréasáin an déantóra.
Leideanna Is Tábhachtaí
Ní mór duit a chinntiú go n-íoslódálann agus go suiteálann tú na nuashonruithe nó na paistí is déanaí. Má tá Microsoft ® Windows in úsáid agat, déan cinnte go ndéantar na paistí agus nuashonruithe a íoslódáil agus a shuiteáil go huathoibríoch.
Déan láithreáin ghréasáin do dhíoltóirí bogearraí a sheiceáil go rialta le haghaidh paistí slándála nua.
Déan cinnte go bhfuil na paistí á bhfáil agat ón suíomh nuashonraithe ceart do phaistí. Is minic a cuireadh ríomhairí úsáideoirí i gcontúirt toisc go ndearna siad paistí a shuiteáil a tháinig ó shuímh nuashonraithe bhréagacha nó ó ríomhphoist a raibh an chuma orthu gur tháinig siad ó dhíoltóir ach a bhí nasctha le suímh bhréagacha den chineál sin.