English
Gaeilge
Mandarin
Polish




Cumarsáid Shlán
Gléasanna Slána
Gníomhaíochtaí Slána Ar Líne
Bagairtí
Ábhar Gníomhach agus Fianáin
Baincéireacht Ar Líne
Coincheap an Loirg Dhigitigh
Comhaid a Scriosadh
Gnéithe Bunúsacha de Shlándáil Brabhsáil Gréasáin
Íocaíochtaí Slána ar Líne
Líonrú Sóisialta
Meicníochtaí Scagacháin
Néalríomhaireacht
Príobháideacht Phearsanta
Sábháilteacht Leanaí ar Líne
Seomraí Comhrá
Meicníochtaí Scagacháin

Is ríomhchlár é bogearraí scagacháin a 'scagann' nó a chuireann cosc ar ábhar Idirlín míchuí sular féidir leat é a fheiceáil ar scáileán an ríomhaire.

Go minic, ní raibh na daoine a fheiceann ábhar míchuí ar an Idirlíon á lorg. Is éasca daoine a mhíthreorú ar líne. Mar shampla, féadann pornagrafaíocht bheith ar láithreáin ghréasáin le hainmneacha neamhamhrasacha. Má chliceálann tú ar láithreán gréasáin dá leithéid, féadann na bogearraí scagacháin an t-ábhar a chosc sula bhfeiceann tú é. Is féidir le tuismitheoirí a theastaíonn uathu an méid a fheiceann a leanaí agus iad ag brabhsáil an Idirlín a rialú bogearraí scagacháin a úsáid freisin.


Conas a oibríonn siad?

Feidhmíonn bogearraí scagacháin mar sciath idir an tIdirlíon agus ríomhaire an úsáideora, ag cur cosc ar rochtain ar ábhar a d'fhéadfadh cur isteach ar dhaoine nó a bheith colúil. Tiomsaíonn formhór na mbogearraí scagacháin liosta de na suímh a mheasann siad go bhféadfaidís cur isteach ar dhaoine agus déanann siad iad a rangú faoi cheannteidil éagsúla. Mar sin, tá sé ar do chumas:

• Cosc a chur ar thaispeáint ábhair mhíchuí ar scáileán an ríomhaire.

• Liosta de na láithreáin ghréasáin uile ar tugadh cuairt orthu a thaifeadadh chun gur féidir leat a fheiceáil cé acu an bhfuil siad oiriúnach nó nach bhfuil.

• Teorainn a chur leis an méid ama a chaitheann do leanbh ar an Idirlíon. Má chinneann tú nach dteastaíonn uait go gcaithfidh do leanaí níos mó ná uair an chloig ar líne in aghaidh an lae, is féidir leat bogearraí scagacháin a úsáid chun cosc a chur orthu úsáid a bhaint as an Idirlíon ar feadh tréimhse níos faide ná sin.

• Laghdú ar an riosca a bhaineann le víris ríomhaire trí theorainn a chur leis na láithreáin ghréasáin ar féidir leat nó ar féidir le do leanaí cuairt a thabhairt orthu. Is féidir leat na cineálacha ríomhchlár agus iatán ar féidir iad a íoslódáil chuig an ríomhaire a theorannú freisin.

• Faisnéis phearsanta ar an ríomhaire a chosaint. Is féidir leis cosc a chur ar leanaí faisnéis airgeadais atá stóráilte ar an ríomhaire a sheoladh amach de thimpiste.

• Cosc a chur ar fheidhmchláir (ríomhchláir) nach dteastaíonn uait go mbainfeá ná do leanaí úsáid astu, e.g. cluichí físeáin, teachtaireachtaí meandracha.

• 'Leibhéil scagacháin' éagsúla a shocrú ag brath ar phróifílí aoise (e.g. is féidir leibhéil scagacháin níos doichte a chur i bhfeidhm do leanbh 10 mbliana d'aois ná mar a chuirtear i bhfeidhm do dhéagóir).

• Smacht iomlán a ghlacadh ar an ríomhaire.


Na rudaí ar gá dóibh a bheith ar eolas agat faoi Bhogearraí Scagacháin


• Is féidir le bogearraí scagacháin an tIdirlíon a dhéanamh níos sábháilte duit agus do do leanaí. Ach níl siad foirfe. Ní thugann aon bhogearraí scagacháin ráthaíocht go gcuirfidh siad cosc ar an ábhar míchuí uile.

• Is féidir le roinnt bogearraí scagacháin a bheith ró-dhocht. Cuireann siad cosc ar ábhar soineanta toisc gur dóigh leo go bhfuil sé míchuí.

• Éiríonn go maith le roinnt clár ábhar míchuí a aithint agus a chosc ar láithreáin ghréasáin Béarla ach níl an rath céanna orthu nuair a bhíonn siad ag déileáil le láithreáin ghréasáin i dteangacha éagsúla.

• Is féidir scagaire a chastar air a chasadh as freisin. Dé réir mar a éiríonn leanaí níos sine, bíonn siad níos sofaisticiúla maidir leis an úsáid a bhaineann siad as ríomhaire.


Leideanna Is Tábhachtaí


Go hiondúil, beidh 'scagairí' ag do ríomhaire cheana féin agus beidh tú in ann leas saor in aisce a úsáid astu. Níl ort ach iad a chasadh air.

Córas Oibriúcháin
Tagann an leagan nua de Microsoft ®Windows Vista le rialuithe tuismitheora. Ní raibh rialuithe tiomanta do thuismitheoirí ag an leagan níos luaithe de Windows® XP ach chuir sé cosaintí cuntais agus pasfhocail ar fáil do chuntais leanaí.

Brabhsálaí Gréasáin
Cuireann a lán de na brabhsálaithe gréasáin a bhfuil cáil mhór orthu ar do chumas cosc a chur ar láithreáin ghréasáin agus míreanna aníos áirithe. (Is fógraí beaga iad míreanna aníos a thagann aníos ar do scáileán nuair a thugann tú cuairt ar roinnt láithreáin ghréasáin. Ní dhéanann formhór acu aon dochar agus is féidir fáil réidh leo trí chliceáil san X sa chúinne ag barr agus ar dheis den bhosca míre aníos. Nascann roinnt acu le hábhar míchuí, áfach.)

Innill Chuardaigh
Is bealach úsáideach chun faisnéis a fháil é inneall cuardaigh. Is é roinnt de na bealaí is éasca le teacht ar ábhar míchuí é freisin. Mar shampla, má dhéanann tú an focal 'porn' a chuardach i Google, gheobhaidh tú níos mó ná 91 milliún toradh. Má cheadaíonn tú do do leanaí innill chuardaigh a úsáid, is féidir leat an rogha 'cuardach sábháilte' a chasadh air. Is scagaire é sin chun cosc a chur ar ábhar míchuí i dtorthaí cuardaigh. Mar sin féin, ní thugann aon inneall cuardaigh ráthaíocht go gcosnóidh sé leanaí ón ábhar míchuí uile.

logos