English
Gaeilge
Mandarin
Polish




Cumarsáid Shlán
Gléasanna Slána
Gníomhaíochtaí Slána Ar Líne
Bagairtí
Criptiú
Líonraí Gan Sreang
PBX
Saincheisteanna Dlí
Seirbhísí Ríomhphost Saor in Aisce
Teachtaireachtaí Meandracha
Turscar
Líonraí Gan Sreang

Cuireann líonraí gan sreang, ar a dtugtar Wi-Fi nó LAN gan sreang freisin, ar chumas ríomhairí labhairt le chéile trí mheán nasc raidió atá cosúil leis an nasc a úsáideann guthán gan sreang. Tá siad an-oiriúnach don bhaile agus don oifig toisc gur éasca iad a shuiteáil agus cuireann siad solúbthacht iontach ar fáil d'úsáideoir an ríomhaire. Má tá cárta gan sreang i do ríomhaire agat, is féidir leat obair cibé áit is maith leat ar choinníoll gur féidir leat an comhartha a fháil. De ghnáth, bíonn raon thart ar 100 troigh ag líonraí den chineál seo.

Anois, cuireann a lán de na soláthraithe leathanbhanda ródaire gan sreang ar fáil lena bpacáistí leathanbhanda. Ciallaíonn sé sin gur féidir leat oibriú sa chistin, sa seomra codlata, nó i cibé áit ar mian leat rochtain a fháil ar an Idirlíon gan cháblú neamhéasca a chur ar fud an bhaile nó na hoifige.


Conas a aithníonn tú Líonra Gan Sreang?

Níor chóir go mbeadh líonra gan sreang inaitheanta ach amháin de bharr easpa an cháblaithe nó na sreang ag cur isteach ar áilleacht do bhaile nó d'oifige! Ba chóir dóibh feidhmiú ar an mbealach díreach céanna ar a bhfeidhmíonn líonra 'le sreang'. Mar aon le haon tarchur raidió, áfach, mura bhfuil an comhartha cosanta le pasfhocal, is féidir aon duine laistigh de raon an chomhartha an comhartha a aimsiú agus iarracht a dhéanamh nascadh leis an líonra.


Conas a oibríonn sé?

Má bhí tú in aerfort, siopa caifé, leabharlann nó óstán le déanaí, seans maith go raibh tú i lár líonra gan sreang. Úsáideann a lán daoine líonrú gan sreang chun nascadh lena ríomhairí sa bhaile, agus úsáideann líon méadaitheach cathrach timpeall an domhain an teicneolaíocht chun rochtain ar an Idirlíon atá saor nó ar chostas íseal a chur ar fáil do chónaitheoirí. Sa todhchaí, seans go mbeidh líonrú gan sreang chomh forleathan sin go mbeidh tú in ann an tIdirlíon a rochtain aon áit, aon am, gan sreanga a úsáid.

Úsáideann líonra gan sreang tonnta raidió díreach mar a úsáideann gutháin soghluaiste, teilifíseáin agus raidiónna. I ndáiríre, tá cumarsáid thar líonra gan sreang an-chosúil le cumarsáid raidió dhá bhealach. Tarlaíonn sé mar seo:
1. Aistríonn cárta líonra gan sreang ríomhaire sonraí isteach i gcomhartha raidió agus ansin tarchuireann sé é le haintéine.
2. Faigheann ródaire gan sreang nó 'pointe rochtana' an comhartha agus déanann sé é a dhíchódú. Seolann sé an fhaisnéis chuig an Idirlíon trí mheán nasc fisiciúil le sreang

Feidhmíonn an próiseas sa bhealach eile freisin, mar faigheann an ródaire faisnéis ón Idirlíon, aistríonn sé isteach i gcomhartha raidió é agus seolann sé chuig cuibheoir gan sreang an ríomhaire é.


Cén riosca a bhaineann le Líonra Gan Sreang?

Tá roinnt impleachtaí slándála ann mura gcumraíonn tú slándáil chuí ar do líonra gan sreang. Mar shampla, d'fhéadfadh duine ríomhchláir mhailíseacha, mar shampla, bogearraí spiaireachta, bogearraí fógraíochta agus Traígh, a shuiteáil díreach ar do ríomhaire. D'fhéadfadh sé sin fadhbanna níos tromchúisí a chruthú cosúil le calaois ar líne nó goid céannachta fiú..

Mura bhfuil líonra Gan Sreang cosanta, d'fhéadfadh rioscaí mar seo a leanas a bheith i gceist leis:
• Cúléisteacht: éisteacht leis an bhfaisnéis de réir mar a tharchuirtear tríd an aer í. Ciallaíonn sé sin go gcaithfear an fhaisnéis ar an líonra a chriptiú nó is féidir le haon duine éisteacht leis.
• Bradaíl: féadann aon duine laistigh de raon an líonra nascadh leis an líonra mura bhfuil sé cosanta. Ciallaíonn sé sin go gcaithfear an líonra a shrianadh d'úsáideoirí agus ríomhairí aitheanta agus iontaofa, agus is éasca é sin a dhéanamh.
• Úsáid shaor a bhaint as: nuair a úsáidtear líonra gan sreang chun nasc Idirlín leathanbhanda a chomhroinnt, tá riosca ann go n-úsáidfidh úsáideoirí neamhúdaraithe do nasc gan chead. I gcásanna áirithe, seans go dteastóidh uait go mbeidh do chomharsana nó comharchumann áitiúil in ann úsáid saor in aisce a bhaint as, agus is gné an-dearfach í sin de líonra gan sreang.
Seachadtar formhór an trealaimh gan sreang i staid réamhshocraithe neamhshlán. Mar sin, is féidir leis an úsáideoir tosú lena úsáid go tapa, cé nach bhfuil an úsáid sin slán. Soláthraíonn na hoibreoirí leathanbhanda uile treoracha mionchruinne faoi conas do threalamh gan sreang a chumrú agus slándáil a chumasú. Moltar go tréan duit cloí le comhairle do sholáthraí leathanbhanda i ndáil leis seo.





Ná fág do threalamh gan sreang leis na réamhshocraithe a chuir an déantóir air. Tá siad sin deartha chun cur ar do chumas é a úsáid chomh tapa agus is féidir, ach níl sé slán.


Leideanna Is Tábhachtaí

Conas líonra gan sreang a chosaint:
Cé go sainmhíníonn an caighdeán wi-fi nithe cosúil le criptiú agus rialú ar rochtain, tá bealaí éagsúla ann chun iad a shocrú ag brath ar an déantóir i gceist. Mar sin, ní mór duit tagairt a dhéanamh do na cáipéisí a tháinig le do threalamh gan sreang chun na cosaintí seo a chumrú. Soláthraíonn na hoibreoirí leathanbhanda uile treoracha mionchruinne faoi conas an trealamh a chumrú chun leibhéil slándála chuí a chur ar fáil. Is iad seo a leanas roinnt treoirlínte bunúsacha:


• Bain úsáid as criptiú. WPA2 an criptiú is déanaí agus is fearr, ach seans nach bhfuil sé oiriúnach ach don trealamh agus do na crua-earraí is déanaí. Is é WPA-PSK an dara caighdeán slándála is fearr agus tá sé ar fáil ar fhormhór na gcrua-earraí. Mura féidir ceachtar acu sin a úsáid, mar shampla, má tá pointí rochtana agus cártaí líonra níos sine á n-úsáid agat, bain úsáid as WEP.

• Déan cinnte go bhfuil balla dóiteáin deisce ag gach ríomhaire ar an líonra gan sreang agus go bhfuil bogearraí frithvíreas suiteáilte orthu.

• Déanann gach líonra gan sreang a ainm, ar a dtugtar an SSID, a chraoladh mar aitheantóir. Riail mhaith ná an t-aitheantóir sin a chasadh as, nó ainm doiléir a thabhairt dó.

• Bain úsáid as pasfhocal láidir i gcónaí chun rochtain a fháil ar an bpointe rochtana nó an líonra gan sreang.

• Is féidir leat rochtain ar an líonra a shrianadh trí 'liosta bán' de ríomhairí aitheanta a chruthú, agus mar sin cuirtear cosc ar aon ríomhaire eile a dhéanann iarracht an líonra a úsáid - tugtar scagadh MAC air sin.

logos