English
Gaeilge
Mandarin
Polish




Cumarsáid Shlán
Gléasanna Slána
Gníomhaíochtaí Slána Ar Líne
Bagairtí
Bogearraí Sceimhle agus Éirice
Bogearraí Spiaireachta
Ceangaltán Mailíseach Ríomhphoist
Cibearbhulaíocht
Comhadroinnt
Feirmeoireacht
Fréamhthrealaimh agus Róbatlíonta
Fuadach Móideim
Goid Céannachta
Iascaireacht
Maingaireacht Fóin
Rioscaí Eile - Víris, Péisteanna & Traígh
Traígh & Bogearraí Mailíseacha
Vishing
Fuadach Móideim

Féadann Fuadach Móideim na céadta euro i bhfiacha a thabhú do thomhaltóir agus d'fhéadfadh sé tarlú má úsáideann tú seirbhís diailithe chun rochtain a fháil ar an Idirlíon. An bealach is comónta ar a dtarlaíonn sé ná nuair a thugann tomhaltóir cuairt ar láithreán gréasáin agus cliceálann sé ar fhuinneog "míre aníos" nó osclaíonn sé ríomhphost a íoslódálann ríomhchlár diailithe nó víreas chuig ríomhaire an úsáideora.

Ansin, dínascann an ríomhchlár nó an víreas an móideim ón uimhir nasctha áitiúil agus athnascann sé é le cianuimhir chostasach (cosúil le huimhir ardráta nó idirnáisiúnta). Is minic nach bhfaigheann an tomhaltóir amach faoin bhfadhb go dtí go bhfaigheann sé nó sí an bille gutháin. Mar aon le cineálacha eile de chalaois ghutháin, an bealach is tábhachtaí chun cosc a chur ar fhuadach móideim nó do bhille gutháin a léamh go cúramach agus cóipeanna de bhillí a fuair tú roimhe seo a choinneáil.

Má tá idirlíon ardluais (nasc leathanbhanda a bhíonn ar siúl i gcónaí) agat, níor chóir go mbeifeá so-ghabhálach i leith calaoise den chineál seo.


Conas a aithníonn tú é?

Is féidir fuadach móideim tarlú nuair a iarrann láithreán gréasáin ort na nithe seo a leanas a dhéanamh chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis ar an láithreán gréasáin:
• comhad a íoslódáil trí mheán fuinneoige aníos

• breathnóir nó diaileoir speisialta a íoslódáil chun an t-inneachar a rochtain
Ansin faigheann an comhad nó an ní a íoslódáiltear rochtain ar bhogearraí ar do ríomhaire agus mar thoradh air, diailíonn do mhóideim uimhreacha ardráta nó idirnáisiúnta. Mar sin, bíonn muirir mhóra nó táillí nasctha móra ar do bhille gutháin.


Conas is féidir liom fuadach móideim a sheachaint

Is féidir leat roinnt beart coisctheach a chur i gcrích, ar líne agus as líne, mar seo a leanas:
• Déan cinnte go bhfuil do bhogearraí frithvíreas, d'uirlis um chosc a chur ar mhíreanna aníos agus do bhogearraí balla dóiteáin cothrom le dáta agus ag feidhmiú i gceart.

• Léigh an comhaontú ceadúnais a ghabhann le haon bhogearraí nua go cúramach sula suiteálann tú iad - lena n-áirítear an cló beag.

• Déan cód ActiveX a dhíchumasú nó athraigh an socrú ar do bhrabhsálaí Idirlín chun go gcuirfidh sé ar an eolas thú gach uair a dhéanann ActiveX iarracht rith. (Is teicneolaíocht í ActiveX a chuireann ar do chumas ábhar ilmheán agus ábhar idirghníomhach eile a úsáid ar líne.)

• Dínasc gnáthlíne ghutháin ó do mhóideim diailithe má rinne tú uasghrádú chuig nasc cábla nó DSL (ach amháin má úsáideann tú ríomhchlár a bhfuil nasc diailithe ag teastáil go sonrach uaidh).

• Bí cinnte go bhfuil do mhóideim socraithe chun torann a dhéanamh ar féidir leat é a chloisteáil gach uair a chuireann sé glao. Má chloiseann tú an torann sin fad is atá tú ag obair ar líne, cuir deireadh le do nasc láithreach, agus déan do ríomhaire a sheiceáil le haghaidh ríomhchláir neamhaithnide.

• Má thagann bosca dialóige aníos ar do scáileán ríomhaire go tobann agus má léiríonn sé go bhfuil sé ag cur glao nua ar uimhir neamhaithnid nó uimhir nach bhfuil ar eolas agat, déan é a chealú chun an glao a dhínascadh.

• Bí cúramach faoi "mhíreanna aníos" fad is atá tú ar líne, bí an-chúramach agus tú ag cliceáil ar fhógraí, agus bí ciallmhar nuair a thugann tú cuairt ar shuímh nach bhfuil taithí agat orthu.

logos