English
Gaeilge
Mandarin
Polish




Cumarsáid Shlán
Gléasanna Slána
Gníomhaíochtaí Slána Ar Líne
Bagairtí
Bogearraí Sceimhle agus Éirice
Bogearraí Spiaireachta
Ceangaltán Mailíseach Ríomhphoist
Cibearbhulaíocht
Comhadroinnt
Feirmeoireacht
Fréamhthrealaimh agus Róbatlíonta
Fuadach Móideim
Goid Céannachta
Iascaireacht
Maingaireacht Fóin
Rioscaí Eile - Víris, Péisteanna & Traígh
Traígh & Bogearraí Mailíseacha
Vishing
Feirmeoireacht

Is cleas é feirmeoireacht a úsáidtear chun faisnéis phearsanta a fháil go calaoiseach ó úsáideoirí Idirlín. Mar aon le hiascaireacht, úsáideann déantóirí na coire an fhaisnéis phearsanta seo chun céannacht a ghoid agus chun coireanna airgeadais eile a dhéanamh.


Conas a aithníonn tú í?

Déanann na hionsaitheoirí athruithe beaga ar láithreán gréasáin chun go bhfuil cuma air atá beagnach mar an gcéanna le láithreán gréasáin dlisteanach. Nuair a dhéantar iniúchadh níos doimhne air, áfach, tabharfaidh tú athruithe beaga san URL faoi deara, mar shampla: seans go mbeidh http://www.ebay.com litrithe mar http://www.eebay.com .


Conas a oibríonn sí?

I ngach cás, bailíonn an láithreán gréasáin ar treoraíodh an t-úsáideoir ann faisnéis phearsanta an úsáideora. Má chuireann faighteoir faisnéis rúnda isteach sa láithreán gréasáin calaoiseach, féadann an feirmeoir pearsanú a dhéanamh ar an íospartach chun airgead a aistriú ó chuntas an íospartaigh, earraí a cheannach, morgáiste breise a fháil ar bhaile an íospartaigh, sochair dífhostaíochta a lorg in ainm an íospartaigh nó dochar eile a dhéanamh.


Cén riosca a bhaineann léi?

D'fhéadfadh céannacht an íospartaigh a bheith goidte, agus d'fhéadfadh a lán rioscaí a bheith cúisithe dá bharr, lena n-áirítear:
• Calaois airgeadais déanta ag úsáid ainm an íospartaigh

• Úsáid neamhúdaraithe bainte as cárta creidmheasa nó cuntas bainc an íospartaigh

• Clárú neamhúdaraithe le láithreáin ghréasáin pornagrafaíochta agus gealltóireachta.





Má cheapann tú go ndearnadh feirmeoireacht ort:

• Déan an ghoid céannachta a thuairisciú do do stáisiún Garda áitiúil nó cuir glao ar an PSNI ar 0845 600 800 láithreach.

• Bain úsáid as bogearraí frithvíreas agus bogearraí frithspiaireachta atá cothrom le dáta. Is féidir le bogearraí cothrom le dáta cosc a chur ar bhogearraí mailíseacha nó bogearraí gan iarraidh.

• Déan monatóireacht ar do chuntais agus ráitis airgeadais agus cuir institiúidí airgeadais ar an eolas faoi aon idirbhearta amhrasacha.

• Déan do phasfhocail a athrú go rialta.

• Cuir an chuideachta a bhfuil láithreán gréasáin bréagach curtha ar fáil di nó a bhfuil pearsanú á dhéanamh ar a láithreán gréasáin ar an eolas.


Conas is féidir liom cosc a chur uirthi sa todhchaí?

• Bain úsáid as barra uirlisí frith-iascaireachta. Cuimsítear barraí uirlisí frith-iascaireachta i gcuid mhaith de na brabhsálaithe gréasáin is coitianta.

• Coinnigh do bhogearraí frithvíreas cothrom le dáta. Cuireann díoltóirí bogearraí frithvíreas barraí uirlisí frith-iascaireachta ar fáil leis na leaganacha is déanaí dá dtáirgí freisin.

• Ná tabhair freagra riamh ar ríomhphost nó glaonna gutháin nach raibh tú ag tnúth leo a iarrann faisnéis phearsanta. Ní iarrfaidh cuideachta chreidiúnach faisnéis den leithéid seo ar ríomhphost riamh.
• Déan cinnte go bhfuil nasc slán le haon láithreán gréasáin a éilíonn faisnéis phearsanta. Bí ag faire amach do https:// agus glas fraincín i bhfuinneog an bhrabhsálaí agus tabhair aird ar na teachtaireachtaí earráide a ghineann an brabhsálaí nuair a thugann sé le fios nach féidir láithreán gréasáin a thrust.

• Ná seol faisnéis phearsanta nó rúnda i ríomhphost riamh.


Leideanna Is Tábhachtaí

• Bí amhrasach faoi aon ríomhphost nó láithreáin ghréasáin a thairgeann rud éigin atá ró-mhaith le bheith fíor.

• Bí ar d'airdeall faoi láithreáin ghréasáin a dtugann tú do shonraí cárta creidmheasa dóibh.

• Ná roinn do phasfhocail.

• Déan monatóireacht rialta ar do chuntas bainc agus ráitis chárta creidmheasa agus déan aon ghníomhaíocht amhrasach a thuairisciú láithreach.

• Déan an scagaire iascaireachta a shuiteáil le Internet Explorer 7 nó Windows Live Toolbar. Le cabhair an scagaire iascaireachta tugtar cosaint duit ó chalaois ghréasáin agus na rioscaí a bhaineann le goid na faisnéise pearsanta trí rabhadh a thabhairt duit faoi láithreáin ghréasáin iascaireachta tuairiscithe nó trí chosc a chur ort dul ann.

logos