English
Gaeilge
Mandarin
Polish




Cumarsáid Shlán
Gléasanna Slána
Gníomhaíochtaí Slána Ar Líne
Bagairtí
Bogearraí Sceimhle agus Éirice
Bogearraí Spiaireachta
Ceangaltán Mailíseach Ríomhphoist
Cibearbhulaíocht
Comhadroinnt
Feirmeoireacht
Fréamhthrealaimh agus Róbatlíonta
Fuadach Móideim
Goid Céannachta
Iascaireacht
Maingaireacht Fóin
Rioscaí Eile - Víris, Péisteanna & Traígh
Traígh & Bogearraí Mailíseacha
Vishing
Ceangaltán Mailíseach Ríomhphoist

Bealach iad ceangaltáin ríomhphoist inar féidir le seoltóir comhaid a tharchur chuig úsáideoir eile trí ríomhphost. Ar an mbealach céanna a thagann dramhphost do dhoras isteach sa bhaile, faigheann úsáideoirí ríomhphost ríomhphoist gan iarraidh ó sheoltóirí anaithnid go rialta. Is gnách go gcuimsítear sna ríomhphoist seo naisc le láithreáin gréasáin mhailíseacha nó go mbíonn ceangaltáin leo ina gcuimsítear bogearraí mailíseacha.

Conas a aithnítear é?

Is gnách go bhfaightear ceangaltán rathúil nó mailíseach ríomhphoist ó sheoltóir anaithnid. In go leor cásanna, bíonn “tairiscint speisialta aonuaire” le sonrú i líne an ábhair nó “glao chun gníomhartha” leis an bhfaighteoir a mhealladh chun an ceangaltán a oscailt.

Cén baol a chruthaíonn sé?

Má osclaíonn tú ceangaltán mailíseach d’fhéadfadh sé líon rudaí diúltacha a dhéanamh, ar nós logálaí eochrach a shuiteáil chun d'eochairbhuillí a thaifeadadh, víreas a shuiteáil, nó fiú rochtain a thabhairt d’ionróir ar do ríomhaire.



Má tá tú in amhras gur chliceáil tú ar cheangaltán mailíseach:

• Dínasc an ríomhaire den idirlíon láithreach.
• Déan do ríomhaire a scanadh le bogearraí Frithvíris.
• Ná hionchur aon fhaisnéis íogair isteach sa ríomhaire nó go bhfuil an scanadh Frithvíris críochnaithe.

Conas is féidir liom an tarlú seo a sheachaint?

• Is é táirge Frithvíris a choimeád suiteáilte agus cothrom le dáta an chosaint is fearr i leith ceangaltáin mhailíseacha.
• Mar riail ghinearálta, ba cheart duit gan ceangaltan riamh a chliceáil nó a oscailt a bhfuil tú in amhras air, faoi chúinse ar bith, fiú más ó dhuine a bhfuil aithne agat orthu atá sé.

Noda Áisiúla

• Bí in amhras ar aon cheangaltáin ríomhphoist ó fhoinsí anaithnid nó ag a bhfuil tairiscintí ar a bhfuil dealramh ró-mhaith.
• Ná hoscail riamh ceangaltán ríomhphoist nach bhfuil tú cinnte faoi.
• Coimeád clár Frithvíris suiteáilte agus cothrom le dáta.

logos