English
Gaeilge
Mandarin
Polish




Cumarsáid Shlán
Gléasanna Slána
Gníomhaíochtaí Slána Ar Líne
Bagairtí
Bogearraí Sceimhle agus Éirice
Bogearraí Spiaireachta
Ceangaltán Mailíseach Ríomhphoist
Cibearbhulaíocht
Comhadroinnt
Feirmeoireacht
Fréamhthrealaimh agus Róbatlíonta
Fuadach Móideim
Goid Céannachta
Iascaireacht
Maingaireacht Fóin
Rioscaí Eile - Víris, Péisteanna & Traígh
Traígh & Bogearraí Mailíseacha
Vishing
Bogearraí Spiaireachta

Is bogearraí iad bogearraí spiaireachta a bhailíonn faisnéis fút gan údarú uait. Bailíonn siad sonraí agus faisnéis phearsanta go rúnda agus seolann siad iad ar ais chuig a dtionscnóirí, cibé is fógróirí, coirpigh nó páirtithe leasmhara eile atá ann. Toisc go bhfuil naisc leathanbhanda 'a bhíonn ar siúl i gcónaí' ag a lán daoine anois, is éasca do bhogearraí spiaireachta a dtorthaí a thuairisciú i ngan fhios duit.


Conas a aithníonn tú iad?

Is féidir le bogearraí spiaireachta iad féin a nochtadh ar bhealaí éagsúla:
• Fógraí míreanna aníos. Is minic a dhéanann na fógraí seo fógraíocht ar láithreáin ghréasáin do dhaoine fásta nó láithreáin ghréasáin eile a d'fhéadfadh a bheith colúil.

• Brabhsálaí fuadaithe - brabhsálaí a théann chuig suímh nach ionann iad agus na suímh a chuireann tú isteach sa bhosca seolta.

• Athrú tobann nó arís is arís eile ar leathanach baile Idirlín do ríomhaire. Fiú amháin má tá sé ar eolas agat conas na socruithe sin a athrú, d'fhéadfá a fháil amach go n-athraíonn siad ar ais gach uair a chasann tú do ríomhaire air.

• Féadann bogearraí spiaireachta agus bogearraí eile gan iarraidh barraí uirlisí breise a chur le do bhrabhsálaí gréasáin nach bhfuil ag teastáil uait nó nach bhfuil de dhíth ort. Fiú amháin má tá sé ar eolas agat conas na barraí uirlisí sin a bhaint, féadfaidh siad teacht ar ais gach uair a chasann tú do ríomhaire air.

• Tá mír nua i liosta do Cheanán agus níor chuir tú ann í. Is cuma cé mhéad uaireanta a scriosann tú í, tagann an mhír ar ais níos déanaí.

• Níl bogearraí spiaireachta agus bogearraí eile gan iarraidh deartha chun bheith éifeachtach. Féadann na hacmhainní a úsáideann na ríomhchláir sin chun do ghníomhaíochtaí a rianú agus chun fógraí a thaispeáint do ríomhaire a mhoilliú, agus féadann earráidí sna bogearraí tuairteáil ríomhaire a chúiseamh.

• Nuair nach bhfuil tú ar líne, d'fhéadfadh na soilse seolta nó glactha ar do mhóideim diailithe nó leathanbhanda a bheith gealánach, díreach mar atá siad nuair a bhíonn comhad á íoslódáil agat nó nuair a bhíonn tú ag scimeáil an Idirlín.

• Bí ar d'airdeall faoi ríomhchláir bainte bhréagacha a ligeann orthu gur féidir leo bogearraí spiaireachta a scanadh agus a scriosadh. Scriosann roinnt de na ríomhchláir seo ionfhabhtuithe reatha, ach cuireann siad ionfhabhtuithe nua ina n-ionad. Ná bíodh muinín agat as aon fheidhmchláir chun bogearraí spiaireachta a scriosadh ach amháin má thagann siad ó fhoinse cheadaithe, agus seachain aon chinn atá fógartha ag míreanna aníos nó turscar.


Conas a oibríonn siad?

Is féidir bogearraí spiaireachta a sheachadadh agus a shuiteáil ar do ríomhaire ar go leor bealaí éagsúla. Uaireanta, tá siad cuimsithe i bpacáiste suiteála ríomhchláir rannearraí ar a bhfuil an-mheas. Féadann bogearraí spiaireachta feidhmiú ar na bealaí seo a leanas:

Bearrán:
Seans gurb iad na bogearraí spiaireachta a dhéanann an dochar is lú ná na bogearraí a chuireann ar chumas bogearraí fógraíochta iad féin a thaispeáint ar do scáileán ríomhaire. Baineann an cineál seo bogearraí spiaireachta úsáid as cuimhne luachmhar, déanann siad do nasc a mhoilliú agus féadann siad do leathanach baile a athrú chuig suíomh eile, ach baineann leibhéal íseal bagartha leo. Mar sin féin, más féidir leis na ríomhchláir spiaireachta sin iad féin a shuiteáil ar do chóras ríomhaire, féadann siad an tslí a oscailt do leaganacha níos mailísí de bhogearraí spiaireachta, a fhéadann dochar i bhfad níos suntasaí a dhéanamh do do ríomhaire nó do chomhaid.

Rianú:
Tá a lán ríomhchláir spiaireachta deartha chun monatóireacht a dhéanamh ar do chuid nósanna agus chun iad a thaifeadadh. Déanann siad na láithreáin ghréasáin a dtugann tú cuairt orthu a rianú agus féadann siad monatóireacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann tú as ríomhchláir ghréasánbhunaithe eile. Arís, baineann leibhéal íseal bagartha leo, ach amháin má úsáideann an ríomhchlár an fhaisnéis chun sonraí a sholáthraíonn tú do shuímh eile a thaifeadadh freisin.

URL a Atreorú:
Féadann ríomhchláir spiaireachta do ríomhaire a atreorú chuig láithreán gréasáin áirithe, is cuma cibé URL, nó seoladh láithreán gréasáin, a chuireann tú isteach. Is minic a dhéanann bogearraí spiaireachta tú a atreorú chuig suíomh a shuiteálann ríomhchláir spiaireachta dhainséaracha eile ar do ríomhaire. Is riosca ag leibhéal íseal é, ach d'fhéadfadh sé éirí dainséarach má chúisíonn sé lódáil ríomhchlár níos measa ar do chóras.

Córais a mhúchadh:
Is féidir le bogearraí spiaireachta gníomhaíochtaí a dhéanamh cosúil le do ríomhaire a mhúchadh go hiomlán, nó comhaid a bhuanscriosadh nó a lot. D'fhéadfadh comhaid luachmhara a bheith loite ar an bpointe, agus mar sin baineann riosca ard le bogearraí spiaireachta den chineál seo.

Goid Céannachta:
Seans gurb é ceann de na bagairtí is mó a bhaineann le bogearraí spiaireachta ná go bhféadfadh cineálacha áirithe díobh d'eochairbhuillí a thaifeadadh fad is a chlóscríobhann tú ar an méarchlár. Is é sin le rá, taifeadann na bogearraí faisnéis cosúil le pasfhocail agus uimhreacha cárta creidmheasa de réir mar a chlóscríobhann tú isteach iad. Nuair a sheoltar na sonraí sin ar ais chuig tionscnóir na mbogearraí spiaireachta, d'fhéadfadh cibearghadaithe caillteanas airgeadais mór a chúiseamh duit, ag brath ar chineál na faisnéise atá taifeadta acu.


Cén riosca a bhaineann leo?

Go ginearálta, níl bogearraí spiaireachta deartha chun dochar a dhéanamh do do ríomhaire. Is ríomhchláir iad a shuiteáiltear ar do ríomhaire gan chead agus a bhíonn i bhfolach sa chúlra ag rianú, agus uaireanta ag taifeadadh. Cé gurb é an cuspóir príomhúil atá leo fógraí a chur ar fáil, nó láithreáin ghréasáin nó torthaí cuardaigh áirithe a thaispeáint i do bhrabhsálaí, féadann siad bheith dainséarach má sheolann siad d'fhaisnéis phearsanta ar ais chuig a dtionscnóir.

Is féidir le ríomhchláir spiaireachta atá nasctha le do chóras oibriúcháin scair ollmhór de chumhacht phróiseála do ríomhaire a úsáid. Tá siad deartha chun do nósanna Idirlín a rianú agus d'fhéadfaidís tairiscintí díola gan iarraidh a sheoladh chugat go leanúnach. De réir na meastachán is déanaí, tá bogearraí spiaireachta de chineál éigin ar dhá thrian de na ríomhairí pearsanta..

Is féidir le bogearraí de chineál mailíseach faisnéis íogair rúnda faoi ríomhaire nó úsáideoir, lena n-áirítear pasfhocail, uimhreacha cárta creidmheasa agus sonraí aitheanta éagsúla, a idircheapadh..


Leideanna is Tábhachtaí chun Cosc a chur ar Bhogearraí Spiaireachta

• Tá sé ríthábhachtach cosaint leordhóthanach a thabhairt do do ríomhaire. Déan do chóras oibriúcháin a nuashonrú go rialta, bíodh cosaint ar víris cothrom le dáta agat, agus bain úsáid as balla dóiteáin pearsanta.

• Déan ríomhchlár um bogearraí spiaireachta a bhaint a íoslódáil - is minic a chuirtear ar fáil le cosaint ar víris agus ballaí dóiteáin iad.

• Léigh na haontuithe uile a bhíonn i gceist nuair a dhéanann tú bogearraí a íoslódáil. D'fhéadfadh séanadh faoi bhogearraí spiaireachta a bheith i bhfolach sa cháipéis.

• Déan rogha cúramach faoi na rudaí a íoslódálann tú. Ná déan nithe a íoslódáil ach ó chuideachtaí creidiúnacha le ráitis nochta curtha ar fáil acu.

• Ná cliceáil ar naisc i dturscar a dheir go gcuireann siad bogearraí frithspiaireachta ar fáil ná ar aon naisc i bhfuinneoga aníos. Nuair atá fuinneog nó scáileán á dhúnadh agat, déan go cúramach é. Tá cnaipe in a lán ríomhchlár a dheir, "cliceáil anseo chun an fhuinneog a dhúnadh." An fhadhb leis sin ná go mbíonn cló an-bheag ar roinnt de na cnaipí sin a dheir rudaí sa bhreis cosúil le "agus chun bogearraí a shuiteáil." Is fearr iad sin a sheachaint agus cliceáil amach as an bhfuinneog leis an 'x' ag barr an bhosca nó trí ALT + F4 a bhrú le chéile.

• Bí cúramach faoi sheirbhísí chun comhaid a chomhroinnt idir comhghleacaithe. Tá bogearraí spiaireachta cuimsithe i ngnásanna suiteála líon maith de na feidhmchláir a bhfuil an-mheas orthu.

• Bí ar d'airdeall faoi fhianáin. Cé nach ionann fianáin agus an cineál bogearraí spiaireachta is measa, uaireanta is féidir faisnéis a bhailítear le fianáin a úsáid chun próifílí atá thar a bheith mionchruinn a sholáthar díot agus de do nósanna brabhsála.

• Déan tú féin a chosaint ó íoslódáil drive-by, is é sin íoslódáil a tharlaíonn i ngan fhios duit. Déan cinnte go bhfuil socruithe do bhrabhsálaí tréan go leor le cosaint a thabhairt duit. I Microsoft ® Internet Explorer, ciallaíonn sé sin gur chóir do do shocruithe slándála don Internet Zone a bheith ag leibhéal meánach ar a laghad. Ná tabhair cead don bhrabhsálaí rialú ActiveX a shuiteáil gan iarratas uait.

logos